Volume 38.1 : Special Issue / Eagrán Speisialta: Inclusion in Irish-medium and Gaeltacht education / Ionchuimsitheacht san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

2025-04-28

Guest Editors Dr Sinéad Nic Aindriú and Dr Emily Barnes led the publication of this special issue of REACH: Journal of Inclusive Education in Ireland showcasing important research on inclusive education in Irish-medium and Gaeltacht settings. The issue, in both English and Irish explore the role of technology; Nic Aindriú’s article examines teachers’ current practices, while Cummins et al.’s article evaluates a communication system for children on the autism spectrum. Two further articles focus on dyslexia; Barnes reviews assessment and support in Irish-medium and Gaeltacht contexts, while Craven and Bourke investigate the experiences of students with dyslexia in Irish-medium education. Pedagogical approaches to inclusion are also explored. Ní Aogáin and Dunne discuss the implementation of the Universal Design for Learning (UDL) framework, while Ahern examines the use of Task-Based Language Learning to promote UDL principles in Irish-medium and Gaeltacht schools. De Brún investigates inclusive literacy practices among teachers, and Ní Ghallchóir et al. provide a review of teacher professional learning to support inclusion in Gaeltacht schools. Collectively, these studies highlight the ongoing scholarly efforts across Irish universities to create more inclusive classrooms and identify areas for further development.

Ba iad na haoi-eagarthóirí an Dr Sinéad Nic Aindriú agus an Dr Emily Barnes a bhí i gceannas ar fhoilsiú an eagráin speisialta seo de REACH: An Iris um Oideachas Ionchuimsitheach in Éirinn a léiríonn taighde tábhachtach ar oideachas ionchuimsitheach sa chóras lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Scrúdaíonn alt Nic Aindriú cleachtais reatha mhúinteoirí i réimse na teicneolaíochta do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu, agus déanann alt Cummins et al. meastóireacht ar chóras cumarsáide do leanaí ar speictream an uathachais. Díríonn dhá ailt eile ar an disléicse. Déanann Barnes athbhreithniú ar mheasúnú agus ar thacaíocht i gcomhthéacs na gaelscolaíochta agus na Gaeltachta, agus déanann Craven agus Bourke iniúchadh ar eispéiris na mac léinn a bhfuil disléicse orthu san oideachas lán-Ghaeilge. Déantar iniúchadh freisin ar chur chuige oideolaíochta maidir le hionchuimsiú. Pléann Ní Aogáin agus Dunne cur i bhfeidhm an chreata um Dhearadh Uilíoch don Fhoghlaim (DUF), agus scrúdaíonn Ahern úsáid Foghlaim Teanga Tascbhunaithe chun prionsabail DUF a chur chun cinn i iar bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Fiosraíonn de Brún cleachtais litearthachta uileghabhálacha i measc múinteoirí, agus déanann Ní Ghallchóir et al. athbhreithniú a sholáthar ar fhoghlaim ghairmiúil múinteoirí chun tacú le hionchuimsiú i scoileanna Gaeltachta. Le chéile, leagann na staidéir seo béim ar na hiarrachtaí scolártha leanúnacha atá ar siúl ar fud ollscoileanna na hÉireann chun seomraí ranga níos ionchuimsitheacha a chruthú agus chun réimsí a aithint le haghaidh tuilleadh forbartha.