Call for Papers / Gairm ar Pháipéir - Special Issue / Eagrán Speisialta: Inclusion in Irish-medium and Gaeltacht education / Ionchuimsitheacht san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

2024-03-06

Submissions are invited from educators and other professionals interested in all aspects of inclusion in Irish-medium and Gaeltacht schools across the education continuum. The themes of this special issue include, but are not limited to:
●Assessment and identification of additional learning needs
●Access to services through the medium of Irish
●Equality of access to and opportunity in Irish-medium/Gaeltacht schools
●Teacher preparation for inclusion
●Professional development for inclusion
●Inclusive pedagogy and practice
●Whole school approach to inclusion
●Resources and assistive technologies
●Universal Design for Learning in the Irish-medium classroom
●Supporting students in Irish-medium and Gaeltacht DEIS schools
●Supporting multilingual/multicultural/plurilingual children in Irish-medium schools.

Contributions should be approximately 2,500-3,000 words in length or 10/12 pages of type in double-spacing on A4 paper. Papers which present empirical studies, critical policy analysis or literature reviews are welcome, as are reviews of resources, books, or technologies. See https://reachjournal.ie for submission guidelines and template. Articles in Irish or English are welcome. All articles submitted in English will be translated for a journal edition in Irish. There will also be an English edition of the special issue.
The Harvard style of referencing should be used. The deadline for article submission is Tuesday 4 June. Articles should be submitted online at https://reachjournal.ie and emailed to Guest Editors Dr. Sinéad Nic Aindriú sinead.andrews@dcu.ie and Dr. Emily Barnes barnesem@tcd.ie .

Please forward any queries directly to the Guest Editors.

Cuirtear fáilte roimh ailt ó oideachasóirí agus ó dhaoine gairmiúla eile a bhfuil spéis acu in aon ghné den ionchuimsitheacht i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta thar an chontanaim oideachais. I measc na dtéamaí ábhartha, tá:
●Measúnú agus sainaithint riachtanas breise foghlama
●Teacht ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge
●Comhionannas rochtana agus deiseanna i scoileanna lán-Ghaeilge/Gaeltachta
●Ullmhúchán an mhúinteora don oideachas ionchuimsitheach
●Forbairt ghairmiúil don ionchuimsitheacht
●Oideolaíocht agus cleachtas ionchuimsitheach
●Cur chuige na scoile uile maidir leis an ionchuimsitheacht
●Acmhainní agus teicneolaíochtaí cúnta
●Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim sa seomra ranga lán-Ghaeilge
●Tacú le daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta DEIS
●Tacú le páistí ilteangacha agus ilchultúrtha i ngaelscoileanna.

Ba cheart go mbeadh ailt 2,500-3,000 focal ar fad nó 10/12 leathanach (spásáil dhúbailte) ar pháipéar A4. Cuirtear fáilte roimh ailt ina gcuirtear staidéar eimpíreach, léirbhreithniú litríochta nó anailís chriticiúil ar bheartas i láthair, chomh maith le léirmheas ar acmhainní, leabhair nó teicneolaíochtaí. Tá treoirlínte agus teimpléad ar fáil ag https://reachjournal.ie. Cuirtear fáilte roimh ailt i nGaeilge agus i mBéarla. Beidh fáil ar an eagrán speisialta sa dá theanga; aistreofar ailt a chuirtear isteach i mBéarla go Gaeilge, agus a mhalairt.


Ní mór stíl tagartha Harvard a úsáid. Is é Dé Máirt 4 Meitheamh an spriocdháta le halt a chur isteach. Cuirtear ailt isteach ar líne ag https://reachjournal.ie agus i ríomhphost chuig na haoi-eagarthóirí, an Dr. Sinéad Nic Aindriú sinead.andrews@dcu.ie agus an Dr. Emily Barnes barnesem@tcd.ie.

Má bhíonn ceist agat, cuir chuig na haoi-eagarthóirí í ag na seoltaí thuasluaite.